top of page
GFI (5).png
Renovations in Progress

Conas is Féidir le GFI Cúnamh a Thabairt d’Úinéirí Tí atá ag Iarraidh Úsáid a Bhaint as Deontais SEAI

Is saineolaithe muid ag GFI a chuireann tacaíocht agus cúnamh ar fáil d’úinéirí tí le chuile chuid den phróiseas, ó iarratas a dhéanamh go feidhmiú deontais aonair SEAI. Má tá tú ag iarraidh éifeachtúlacht fuinnimh do theach a fheabhsú agus leas a bhaint as maoiniú AEI, is féidir le GFI cúnamh a thabhairt ar na bealaí seo a leanas:

Treoir agus Comhairle Shaineolach

Is féidir le GFI an próiseas iarratais a dhéanamh níos éasca. Cuirimid treoir shoiléir ar fáil maidir le:

  • Critéir oiriúnachta do dheontais éagsúla (mar shampla, maidir le hinsliú, córais téimh, painéil ghréine, srl.)

  • Na hUasghrádaithe Cearta a Roghnú bunaithe ar mhianta agus riachtanais fuinnimh an tí

  • Rogha is Fearr Deontais a Aismiú chun a chinntiú go bhfaigheann tú an tacaíocht airgeadais is mó atá indéanta

Próiseas Iarratais Simplí

Baintear an strus as an bpáipéarachas:

  • Cabhair le hiarratais a chur isteach chuig AEI, ag cinntiú go gcuirtear na doiciméid riachtanacha ar aghaidh agus go gcloítear le spriocdhátaí

  • Tacaíocht leis na doiciméid riachtanacha a fháil, mar shampla, Measúnaithe Fuinnimh Baile (HEA) agus Teastais BER

  • Comhairle maidir le deontais nó dreasachtaí breise a d'fhéadfá a bheith incháilithe dóibh

Bainistíocht Tionscadail ó Thús go Críoch

Nuair a bheidh d'iarratas deontais ceadaithe, déanfaidh GFI:

  • Comhordú an Thionscadail Iomlán, ó choinníollacha tosaigh go dtí an pointe feidhme

  • Soláthar agus bainistíocht ar chonraitheoirí cáilithe le haghaidh uasghrádaithe atá tíosach ar fhuinneamh, ag cinntiú go gcomhlíonann siad caighdeáin AEI

  • Monatóireacht ar Chórais fuinnimh éifeachtacha, lena n-áirítear insliú, nuashonrú teasa, agus córais fuinnimh inathnuaite

  • Cinntiú go dtabharfar aghaidhe ar obair an thionscadail le cúram, aird agus caighdeán agus go gcloítear le treoirlínte SEAI.

Cáilíocht agus Comhoiriúnacht

Cinntíonn GFI go mbeidh gach obair á déanamh leis na caighdeáin is airde agus go gcomhlíonfar na riachtanais SEAI:

  • Monatóireacht agus rialú cáilíochta ag gach céim den thionscadal

  • Cinntiú go gcomhlíonann d’iarratas rialacháin SEAI le bheith ceadaithe don deontas

  • Iniúchadh Comhordaithe, más gá, chun a chinntiú go bhfuil gach córas ag feidhmiú go héifeachtach agus go bhfuil na teastais riachtanacha faighte

Deontais a Éileamh ar Do Shon

Chun an próiseas a éascú, is féidir le GFI:

  • Na deontais a éileamh ar do shon nuair a chríochnaítear an thionscadail, ag cinntiú go ndéantar aisíocaíocht cheart duit féin nó don chonraitheoir, de réir an chomhaontaithe íocaíochta

Cén Fáth a Roghnófá GFI le haghaidh Do Tionscadal Deontais SEAI?

  • Saineolas: Le blianta de thaithí i bhfeabhsúcháin fuinnimh agus deontais AEI, tá a fhios againn cén chaoi arbh fhéidir an leas is fearr a bhaint as na tacaíochtaí atá ar fáil.

  • Am a Shábháil: Bainfear freagrachtaí bainistíochta ó chuile ghné den thionscadal, ó dhoiciméid go dtí an suiteáil deiridh, ag sábháil ama agus iarrachta.

  • Próiseas Gan Strus: Déanann ár bhfoireann gach iarracht strus a bhaint ón eispéireas, tríd an bpróiseas iarratais ar dheontais a láimhseáil agus an tionscadal a bhainistiú go héasca.

bottom of page